Bhí sé ar intinn ag Mícheál i gcónaí pilleadh na bhaile agus bhí rún aige múinteoireacht a dhéanamh. Rinne sé City and Guilds thall in Londain agus bhí suim aige teagasc i adhmadóireacht agus líníocht. Mhair sin trí bliana, ranganna oíche, é féin agus fear eile. Nuair a phill sé na bhaile rinne sé an scrúdú agus d’éirigh leis. Chuaigh sé ar an choláiste in Loch Garman nuair a phill sé na bhaile agus cháiligh sé mar mhúinteoir. Fuair sé a chéad scoil ar an Charraig in 1970 ach ní raibh sé ansin ach ar feadh míosa nuair a fuair a shean mháistir é a aistriú go mBaile na nGallóglach. Theagasc sé ansin gur éirigh sé as. | 00:04:13 | |